Skip to main content
Lascaine!

Ag Siúl an Bhealaigh Mhóir

  • 0.5 KG:
Praghas

Original price was: €20.00.Current price is: €15.00.

Stoc ar fáil


Baineann tábhacht nach beag le tréanna i dtraidisiún na Gaeilge ón seanam anall. Saol trípháirteach léinn a chleachtann Nollaig Mac Congáil: tá curtha aige go mór le léann na teanga, idir theangeolaíocht fheidhmeach agus chanúineolaíocht; bunchloch stuama, staidéarach faoi léann na meán Gaeilge is ea a chuid oibre ar irisí agus nuachtáin ó ré na hathbheochana i leith; agus tá eagarthóireacht cháiréiseach, chríochnúil déanta aige ar go leor de sheoda liteartha Chúige Uladh. Comhartha ómóis agus spéise ar oide, ar chomhghleacaí agus ar thaighdeoir atá sa leabhar seo, bailiúchán aistí a chuimsíonn na réimsí éagsúla léinn sin.

 

Aistí in Ómós don Ollamh Nollaig Mac Congáil. John Walsh agus Peadar Ó Muircheartaigh a chur in eagar. LeabhairCOMHAR, An Chéad Chló 2016.