Agus Anois Beagáinín Ciúnais
- 0.3 KG:
€10.00
An chéad chnuasach scríbhinní i nGaeilge leis an
Luimníoch seo a bhfuil cáil bainte amach aige as a
chuid gearrscéalta Béarla ach gur mar fhile is fear
aithne air i nGaeilge. Scríbhneoir é nach gcreideann
sa scoilt dhénártha idir an dá theanga oifigiúla.
D’éirigh sé tuirseach den ngearrscéal per se agus
thosnaigh ar na scríbhinní atá sa leabhar seo. Prós
trialach. Taitníonn an lipéad “file engagé” leis, ainm a
bhaist an foilsitheoir Pádraig Ó Snodaigh air.
Rugadh Mike Mac Domhnaill i gCluain Cath in
iarthar Luimnigh ach d’aistrigh an chlann go
Caisleán Nua nuair a bhásaigh a athair. Gníomhaí
agus scríbhneoir é. Tá saothar foilsithe aige i Nua
Aois, An Cloigeann is a Luach (díolaim), The Stony
Thursday Book, Microphone On, Dal gCais, Weekly
Observer, Feasta, Comhar, LÁ, I Live in Michael
Hartnett (díolaim).