Aibhléis – Stair Úsáid an Leichtreachais
- 0.5 KG:
€10.00
Cuntas don ‘ghnáthléitheoir’ atá sa leabhar seo ar cé mar a chuireamar eolas ar an leictreachas ó chéad-ainmníodh é i 1600 agus ar cé mar a bhain an cine daonna leas as ó chéad-chuireadh sruth leictreachais ar fáil in 1800, go háirithe i gcúrsaí soláthair, cumarsáide agus iompair, in Eirinn agus i gcéin.
Tá cur síos bríomhar i nGaeilge líofa sa leabhar ar an turgnamhaíocht tosaigh, ar na fionnachtana móra ag Volta, Ampère, Faraday, Edison, Tesla, ar an teileagrafaíocht, ar fhorbairt an chórais tríphasaigh, ar thramchórais Átha Cliath, Bhéal Feirste agus Chorcaí, ar fhorbairt Scéim na Sionainne, ar thraenacha Drumm a thaisteal ar line Shráid Fhearchair ar feadh na mblianta, ar stáisiún raidió Éirí Amach na Cásca.
Tá cur síos freisin ar an bhfadhb a bhí ag Cristoforo Colombo leis an Réalta Thuaidh agus é ar a bhealach go Meiriceá, ar an gceist an bhfuil sé indéanta leictreachas a sheoladh trí choilteáin, ar ordú Sheoirse III go gcuirfi cnapanna cruinne ar sheoltóirí tintrí Phálás Kew lena dhrochmheas ar Benjamin Franklin a léiriú, ar dhíospóireacht faoi bhailíocht faoistine ar an teileafón, … …




