Skip to main content

Aiséirí

  • 0.4 KG:
  • Cló Iar-Chonnacht
  • Alex Hijmans
  • 9781907494024
Praghas

16.00


Teach caife é Aiséirí i gcathair na Gaillimhe. Nuair a théann Rebekka ag obair ann athraíonn a saol féin ó bhonn. Ealaíontóir óg, anamúil í as an Ísiltír a chuireann anam agus brí nua sa chaifé Gaelach. Tá cultúr an tí chaife san fhuil aici. Trí shúile Rebekka a fhaighimid spléachadh úr ar shaol na Gaillimhe. Teaghlach cathrach comhaimseartha, idirnáisiúnta, soghluaiste atá i bpobal Aiséirí – ní custaiméirí amháin iad – agus is ina measc siúd a chaitheann sí léargas níos iomláine a fháil uirthi féin agus ar an méid a thug go Gaillimh an chéad uair í.