Aisteoir Faoi Sholas
- 0.3 KG:
€15.00
Duine ar bith a chonaic drámaí in Amharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath idir tús na seascaidí agus blianta tosaigh na mílaoise, is cinnte go bhfaca siad Clive Geraghty ar an stáitse. Ghlac sé páirt i saothar drámadóirí móra mar Shakespeare, Chekhov, Ibsen, Seán O’Casey, Brian Friel, Frank McGuinness agus Hugh Leonard. Sa leabhar seo, déanann sé cur síos ar a óige i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath, an ghairm a leag sé amach dó féin sna blianta tosaigh – mar theicneoir san Aerchór – agus an chaoi ar rug an aisteoireacht greim air nárbh fhéidir a scaoileadh. Tá eachtraí anseo a bhainfidh racht gáire as an léitheoir agus a bhogfaidh deoir faoin tsúil, scéalta faoi phearsantachtaí móra agus daoine beaga, dul chun cinn agus céim ar gcúl. Scéal dhá shaol: an saol mar atá, agus an saol ar stáitse.
CLÁR:
1. An Corrán
2. Mo Mhuintir
3. Na Gasóga
4. Domhan na Leabhar
5. Ár dTeach Nua
6. Saol Nua san Aerchór
7. Athrú Treo
8. Haigh Didlí Dí
9. Umar na hAimléise
10. Aiséirí agus Athrú Cúrsa Eile
11. Ag Filleadh ar an Mainistir
12. Filleadh an ‘Iceman’
13. Mo Chuid Oideachais (ar lean)
14. Lámh Mharbh an Bhoird
15. Ag Bualadh le Vanya agus Rúisigh Eile
16. Slán leis an Ól
17. Broid Airgid
18. Ô terre grise et pierreuse de Monaghan
19. Bríd Ní Neachtain
20. Garbh agus Mín
21. Ré Chorrach
22. Praiseach Eile – ó Mhaoil go Mullach
24. Beannachtaí na Féile ón nGeata
24. Imeachtaí agus Teachtaí
25. Triomú
26. Fonn a Ghníos Fiach
27. Cuairteoirí ó Mhosco
28. Ar Camchuairt
29. Ní Tharlaíonn Faic i Leitir Fraic
30. More Trouble in Our Native Land
31. Níor Bhris Focal Maith Fiacail Riamh
32. Na Criticeoirí
33. Dúbláil
34. Glioscarnach Réaltaí
35. An Cliseadh Deiridh
36. Ón Amharclann go hAcademia
37. Mo Leabhar Féin
38. Pósadh
39 Focal Scoir




