Aistí Eorpacha
- 0.35 KG:
- Coiscéim
- Torlach Mac Con Midhe
- 6660012150199
€10.00
Out of stock
Seo cnuasach aistí critice agus cultúir, agus beagnach gach ceann díobh suite in áit faoi leith ar mhór-roinn na hEorpa: sa Fhrainc, sa Ghearmáin, san Eilvéis, san Ostair, san Iodáil, sa Ghréig. Gheobhfar trácht iontu ar áiteanna sna tíortha sin, agus ar litríocht, smaointeachas agus gnéithe eile den chultúr a bhaineann leo.
Tá tagairt anseo do shaol na Gaeilge agus do chúrsaí na hÉireann, cé go bhfuil an t-údar “ar deoraíocht” thar lear. Is minic scríbhneoirí Gaeilge anois ag scríobh ó áit éigin i ndomhan an Bhéarla, ach seo leabhar Gaeilge á scríobh ag scríbhneoir nua-aimseartha ó áiteanna éagsúla san Eoraip-údar Gaeilge atá ag plé, ní leis an mBéarla agus domhan an Bhéarla, ach le cultúir agus teangacha Eorpacha eile.
I mBaile Átha Cliath a rugadh Torlach Mac Con Midhe. Rinne sé staidéar iarchéime i gCeanada. Tá blianta fada caite aige mar eagarthóir teicniúil, ag obair i Meiriceá Thuaidh agus san Eoraip. Tá cónaí air in Chur na hEilvéise anois, agus é ag saothrú mar iriseoir agus scríbhneoir saor. Seo an tríú leabhar óna pheann i gcló ag Coiscéim.





