Skip to main content

An Béal Bocht

  • 0.35 KG:
  • Mercier
  • Myles na gCopaleen, Flann O'Brien, Brian Ó Nualláin
  • 9781781176436
Praghas

12.95


Drochscéal ar an drochshaol le Myles na gCopaleen. Ar cheann de na leabharthaí is cáiliúla agus is greannmhaire ón scríbhneoir iomráiteach Brian Ó Nualláin/Flann O’Brien/Myles na gCopaleen, is scigaithris iontach é seo ar go leor i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Molta ag foireann An Siopa Leabhar:

Scéal greannmhar searbhasach snasta agus seoid de litríocht an fhichiú haois sa Ghaeilge agus in Éirinn trí chéile. Tá blas na diabhlaíochta go láidir sa leabhar seo, atá ag cur léitheoirí ag gáire le breis is ochtó bliain anois agus tuiscintí úra le ríomh ag gach glúin. Is iomaí tagairt idirthéacsúil i litríocht na Gaeilge atá bunaithe ar ábhar an leabhair seo, agus go deimhin is minic i saol na Gaeilge a úsáidtear nath nó nod nó nóisean a léirítear sa chlasaic seo.