Skip to main content

An Bhlaosc sa mBois

  • .3 KG:
  • Cló Iar-Chonnacht
  • Micheál Ó Conghaile
  • 9781784442736
Praghas

10.00


Cén chaoi  is fearr chun dul i ngleic le huasfás scéal pháistí Thuama? Mar a bhfuil cnámha isteach agus amach le hocht gcéad díobh i ndabhach séarachais in iar-áras máithreacha agus leanaí an bhaile sin. Cén cneasú a d’fhéadfadh a theacht ar chneá mar é? San úrscéal seo, cíortar scéal fir, a bhfuil na ceithre scó aige agus a bhfuiltear tar éis taisí a dheirfíre – blaosc a cloiginn – a chur chuige. Deirfiúr í seo a rugadh agus a bhásaigh i gceann de na hárais seo, gan í ach cúig bliana nó mar sin. Mar sin, is mithid a háit dúchais a thaispeáint di. Amach leo maidin sa mBealtaine ag spaisteoireacht. 

Tá go leor cainte déanta le blianta beaga anuas faoi scannal na n-áras máithreacha agus leanaí, agus is anois atá scribhneoirí agus ealaíontóirí eile tosaithe ag dul i ngleic leis an uafás.

Seo nóibhille nua ar an ábhar ó scríbhneoir a bhfuil sé cruthaithe go minic aige nach leasc leis cúinní dorcha na hÉireann a ransú agus solas an lae a scaoileadh isteach orthu.

Tá Micheál Ó Conghaile aitheanta mar dhuine de phríomhscríbhneoirí próis na Gaeilge.

I measc na nduaiseanna atá buaite aige tá Duais an Bhuitléaraigh, Duais Litríochta Hennessy agus duais Stewart Parker/BBC Raidió Uladh.

Tá sé ina bhall d’Aosdána ó 1998. Sa bhliain 1985 a bhunaigh sé Cló Iar-Chonnacht, comhlacht foilsitheoireachtal itríochta agus ceoil.