An Braon Broghach
- .4 KG:
- An Gúm
- Máirtin Ó Cadhain
€8.50
Is sa dara cnuasach gearrscéalta seo, An Braon Broghach, a tháinig Máirtín Ó Cadhain chun aibíochta mar ghearrscéalaí. Ní hé go raibh sé tar éis a bhuaic mar scríbhneoir a bhaint amach – dáiríre, ní raibh sé ach ag tosú – ach bhí a thréimse phromhaidh istigh.
Is sa leabhar seo a chruthaigh Ó Cadhain a mháistreacht – ar an teanga agus ar an ábhar. Is ann a thug sé aghaidh den chéad uair ar an gcathair mar ábhar scríbhneoireachta.
Tá cuid dá ghearrscéalta ar sheoda na litríochta nua-aimseartha. Is é Cré na Cille an t-úrscéal is úire agus is bunúsaí a tháinig ó aon scríbhneoir Éireannach ó aimsir Joyce. D’athchruthaigh Ó Cadhain prós na Gaeilge agus d’fhág léitheoirí is scríbhneoirí na Gaeilge araon faoi chomaoin mhór aige. Fuair sé bás sa bhliain 1970.
Clár:
- Tnúthán an Dúchais
- An Gheis
- An Taoille Tuile
- Críonadh na Slaite
- An t-Aonú Fleasc Déag
- An Bhearna Mhíl
- An Bóthar go dtí an Ghealchathair
- An Bhliain 1912
- Ag Dul ar Aghaidh
- Lá Scíthe
- Oscailt an Dorais




