Skip to main content

An Cairdeagan Buí

  • .5 KG:
  • Éabhlóid
  • Art Hughes
  • 9781914482168
Praghas

16.00


Is í Máire Ní Riain, cailín feirme as ‘Léana an Tobair’ in iarthar Chontae Luimnigh, príomhcharachtar an úrscéil seo. Cuirtear Máire go Cathair Luimnigh ina déagóir mar a mbuaileann sí le Bean G. Ní Mháille, a hoide Urlabhraíochta agus Drámaíochta, agus a comhscoláirí Máirín agus Eibhlín. Castar buachaill strainséartha uirthi agus éiríonn sraith eachtraí corraitheacha de bharr na teagmhála sin.

Fitear taipéis dhlúth don Léitheoir san úrscéal eipiceach seo a phléann le réimse leathan téamaí: mothúcháin an déagóra, an chiontacht Chaitliceach, gairm spioradálta, déine na moráltachta poiblí in Éirinn i lár an 20ú céad agus na Níolanna Maigdiléanacha.

Is léitheoir le Gaeilge é an Dr Art Hughes in Ollscoil Uladh i mBéal Feirste. Is file, ealaíontóir agus craoltóir é comh maith. Bíodh go bhfuil suas le 20 leabhar scríofa nó curtha in eagar aige, gan trácht ar an iliomad alt leis ar litríocht agus ar theangeolaíocht na Gaeilge, is é An Cairdeagan Buí a chéad úrscéal Gaeilge.

Is é an t-ealaíontóir Neil Shawcross, fear de thógáil Lancashire a bhfuil cónaí air i mBéal Feirste le 60 bliain anuas, a tharraing an pictiúr ar an chlúdach dá chara Art Hughes.