Skip to main content

An Capall Dubh agus scéalta eile

  • .4 KG:
  • Coiscéim
  • Pádraig Ó Baoighill
Praghas

10.00


Tugann Pádraig léargas uathúil dúinn ar théamaí uilíocha an tsaoil. Tá éagsúlacht as cuimse sa chnuasach seo, leabhar ina bhfuil breis is scór gearrscéal ann.

Cinn úra nach raibh i gcló cheana atá i gCuid 1 agus i gCuid 2 gearrscéalta éagsúla a bhí i gcló in irisí ag dul siar go dtí 1986.

Tarraingíonn Pádraig ar a fhód dúchais do chuid mhór de na scéalta, chomh maith céanna lena shamhlaíocht draíochtúil. I measc na n-ábhar a phléann sé, tá an grá, an ceol, an imirce, an cearrbhachas, an chollaíocht, an drabhlas, an lucht siúil, trioblóidí an tuaiscirt, an Ghaeltacht, saol na cathrach, oileáin na hAlban, cúrsaí spóirt agus go leor leor eile nach iad. Fíorscoth chanúint dhúchasach Thír Chonaill atá sna scéalta seo, ach stór leathan focal fite fuaite ó chanúintí eile tríothu.