Skip to main content

An Chaora Ghlas agus scéalta eile as Seanadh Farracháin

  • 0.25 KG:
  • Leabhar Breac
  • Ailbhe Nic Giolla Chomhaill
  • 9781911363422
Praghas

15.00


An léargas a fhaightear ar thraidisiún na scéalaíochta i Seanadh Farracháin faoi Scéim na Scol 1937-38

‘Fadó ariamh bhí cailín ann agus fuair a máthair bás nuair a bhí sí an-óg. Bhí an-chión ag a máthair ar Mháirín agus nuair a bhí sí ag fáil bháis, d’fhág sí caora ghlas aici di féin.’

Is mar seo a thosaíonn an scéal ‘An Chaora Ghlas’, leagan Gaelach den scéal iomráiteach idirnáisiúnta Cinderella, a bailíodh i Scoil Náisiúnta Sheanadh Farracháin mar chuid de Bhailiúchán na Scol (1937-38). Maraon le scéalta uile an chnuasaigh seo, téann ‘An Chaora Ghlas’ i ngleic leis na bunchoimhlintí a bhíonn i saol an duine agus tugann sé dóchas don té a chluineas é nach maireann aon fhulaingt ach seal. Nádúr na scéalaíochta atá á fhiosrú sa leabhar seo: pléitear an dáimh láidir a bhí ag muintir Sheanadh Farracháin le scéalta den chineál seo le fada an lá agus déantar iarracht bun-téamaí ria scéalta a shuíomh i gcomhthéacs an phobail thraidisiúnta inar bailíodh iad.

 

“Is fada Scoil Sheanadh Farracháin dúnta agus tá formhór na ndaoine a raibh baint acu leis an scéim a chuir an cnuasach scéalta i gcionn a chéile anois ar shlua na marbh, trócaire orthu. Is leacht é an cnuasach sin os a gcionn gan aon amhras. Ní fhágfadh formhór na ndaoine lorg so-aitheanta ina ndiaidh a thabharfadh léargas ar a saol sóisialta ná cultúrtha ach murb é an cnuasach sin. Cloch eile ar a gcam é an leabhar seo. Is cuí gur scoláire óg de bhunadh an cheantair, duine ar ghlac a seanmháthair páirt sa scéim féin, a rinne an obair agus atá ag cinntiú nach rachaidh cuimhne na ndaoine i léig.”

– Dr Lillis Ó Laoire, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

 

Dornán breá scéalta ó Sheanadh Farracháin i nDúiche Sheoighe curtha in eagar ag Ailbhe Nic Giolla Chomhaill, agus cur síos breá ar thraidisiún na scéalaíochta sa phobal sin. Bhí sé mar bhunaidhm ag Coimisiún Béaloideasa Éireann, a bunaíodh sa bhliain 1935, béaloideas na tíre a bhailiú agus a chaomhnú ionas go mbeadh sé ar fáil go forleathan do lucht acadúil agus don phobal i gcoitinne. Is é atá sa leabhar seo ná staidéar ar thraidisiún na scéalaíochta mar a léirítear é san ábhar a bailíodh faoi Scéim na Scol i scoil amháin, Scoil Náisiúnta Sheanadh Farracháin i nGaeltacht Dhúiche Sheoigheach

 

CLÁR

Caibidil 1: Béaloideas

Comhthéacs an Bhéaloidis

Coimisiún Béaloideasa Éireann: Cúlra agus Comhthéacs

Scéim na Scol

Scéim na Scol i Seanadh Farracháin

Caibidil 2: An Scéalaíocht

Na Scéalaithe agus na Bailitheoirí

Na Mná agus an Scéalaíocht

An Seanscéal

An Domhan Osnádúrtha

Caibidil 3: Seanscéalta Sheanadh Farracháin

Roghnú na Scéalta

Anailís ar na Seanscéalta

‘An Chaora Ghlas’ agus ‘Máirín an Fhionnaidh’

-Coimhlint Teaghlaigh

-An Léargas a fhaightear ar an Bhanlaoch

An Drochmháthair’ agus ‘Na Seachtar Mac’

-Teacht in Inmhe an Ógánaigh

-An Léargas a fhaightear ar an Laoch

‘An Deartháir Bocht agus an Deartháir Saibhir’ agus

‘An Gearrán Bán

-Tábhacht na hUmhlaíochta