Skip to main content

An Chonair Chaoch – An Mionteachas sa Dátheangachas

  • .5 KG:
  • Leabhar Breac
  • Ciarán Lenoach, Conchúr Ó Giollagáin, Brian Ó Curnáin
Praghas

25.00


Scagann an leabhar seo taithí na Gaeltachta comhaimseartha ar an dátheangachas. Ta leas sóisialta agus teangeolaíochta na mórtheanga agus aimhleas na mionteanga go rí-shoiléir sa taithí seo. Leis na tuiscintí is nua-aimseartha agus is géarléirsteanaí a chur ar fáil, leath-naítear an díospóireacht acadúil agus sochaíoch ar an dátheangachas agus dírítear aird ar na ceisteanna agus na moltai is cinniúnaí i leith inmharthanacht na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Is Breac-Ghaeltacht atá fágtha anois den Ghaeltacht stairiúil, nach bhfuil inmharthana mar atá sí. Pléitear anseo mar sin cur chuige réadúil, fearacht na moltaí atá sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007), le dul i ngleic leis na dála seo, chun an Ghaeltacht mar phobal Gaeilge a athnuachan.

Is é dea-scéala an phlé atá sa leabhar seo ná go dtuigimid gur droch-scéala atá sa dátheangachas comhuaineach sa Ghaeltacht agus nach gcuirimid dallamullóg orainn féin i dtaobh impleachtaí na tuisceana seo don fhéiniúlacht Ghaelach. Le plé eolaíoch macánta agus le léargas firinneach ar dheacrachtaí ár ndála is ea is féidir linn aghaidh mhisniúil a thabhairt ar an gcinniúint a shárú – coiscéim tosaigh an bheartais dóchais í an tuiscint.