Skip to main content

An Chruinne Fhireann – Micheál Ó Conghaile, Pádraig Ó Cíobháin, Joe Steve Ó Neachtain agus Fireannachtaí na Gaeilge

  • .5 KG:
  • Arlen House
  • Sorcha de Brún
  • 9781851323364
Praghas

25.00


9781851323364, Arlen House, Clúdach bog

Is saothar tráthúil é seo a thugann faoi ‘fireannachtai’ a léiriú mar choincheap a bhfuil éagsúlacht agus fairsinge as miosúr ann. Is trí staidéar cáiréiseach ar shaothar triúr prós-scríbhneoirí comhaimseartha Gaeilge a theann Sorcha de Brún i ngleic leis an choincheap áirithe seo agus is móide ár dtuiscint ar scríbhneoireacht chomhaimseartha na Gaeilge féin, dá thairbhe.

Fionntán de Brún

 

Staidéar críochnúil nuálaíoch is ea An Chruinne Fhireann a thugann éachtainti úra ar shaothair Uí Chonghaile, Uí Chíobháin agus Uí Neachtain agus ar cheisteanna a bhaineann le léargais fireannachtaí i litríocht agus i saíocht agus saoithiúlacht na Gaeilge. Cuirfidh an saothar go mór le léann na litríochta Gaeilge agus le réimse léann na bhfireannachtaí trí chéile.

Jeannine Woods

 

Is maith go bhfuil taithi fhairsing anois againn ar léamha feimineacha a dhéanamh ar litríocht na Gaeilge, ach níor chuimhnigh aon duine go dtí anois ar an bhfireannacht féin a cheistiú. Agus cén duine is fearr a thuigfeadh an fear ná bean? Sin é a dhéanann staidéar seo Shorcha de Brún úr, éagsúil, bunúil agus spreagúil. Ina dhiaidh sin is uile, is léamh íogair ar an litríocht atá ann ar scata údar nach bhfuil aon amhras ina dtaobh ach gur fir iad siar amach.

Alan Titley

 

Tá an Dr Sorcha de Brún ina ceannródai agus léann na bhfireannachtaí i litriocht na Gaeilge á chíoradh aici. Sa mhonagraf sonraíoch seo, déanann de Brún iniúchadh ar an téama domhain, duaithní seo i saothar thriúr de mhórscríbhneoirí Gaeilge ár linne, mar atá, Micheál Ó Conghaile, Pádraig Ó Cíobháin agus Joe Steve Ó Neachtain. Thaire sin, tugann sí faoi mhionscagadh acadúil a dhéanamh ar fheidhm na cruthaitheachta in ealaín na scríbhneoireachta agus i bhficsean comhaimseartha na Gaeilge. Gheibh muid léargas úrnua, uathúil ar inscne, ar phatrarcacht agus ar an chruinne fhireann san anailís chothrom liteartha seo.

Eithne Ní Ghallchobhair