Skip to main content

An Cleasaí Dubh

  • .35 KG:
  • Éabhlóid
  • Brían Mac a'Bhaird
  • 9781914482304
Praghas

14.00


Cnuasach úr gearrscéalta ó údar na leabhair Iníon Katie agus Ó Loinsigh agus Mason.

Maireann scéalta Bhríain Mhic a’ Bhaird i saol atá idir an coitianta agus an corr – saol ina mbuaileann draíocht na samhlaíochta le gnáthshaol na tuaithe. Tá na carachtair a chruthaíonn sé beo daonna, ach bíonn scáil éiginnteachta ag crochadh tharstu go minic, le seift éigin agus rúndiamhair fite fuaite i scéalta a mbeatha. Léirítear réimse leathan de shaolta sna scéalta seo: tá an greann ann chomh maith leis an ghruaim, leis an uaigneas agus an cairdeas, an fhírinne lom agus an chaimiléireacht. Tugann Mac a’ Bhaird a ghuth sainiúil féin do shaol atá ag athrú, guth atá fréamhaithe sa traidisiún ach atá ag lorg bealaí úra leis an fhírinne a rá amach. Seo leabhar a mheallfaidh an léitheoir isteach sna saolta a nochtar dúinn, áit a mbíonn an gnáthshaol i gcónaí réidh le héirí as an choiteann.

 

Clár:

  • An Cleasaí Dubh
  • Victoria Regina
  • Lámh Dé?
  • Díograis an Ghrá
  • An Fear Sléibhe
  • Rosco
  • Tomaí na hhFaoileog
  • An Litir
  • An Gasúr
  • An Bóman Tuaithe
  • Am Mhuc Chiúin a Itheann an Mhin
  • Bárnaí Bó
  • Smacht na hÉille