An Cogadh Mór – Altanna as an Leader 1914-1919
- .5 KG:
- Coiscéim
- Pádraig Ó Duinnín
- 6660012160242
€8.00
“…ag gabháil dá chéile le ceithre mhi ar cheithre bliana gan sos gan suaimhneas, samhradh agus fómhar, earrach agus geimhreadh, istoíche agus is ló, ar muir agus ar talamh, san aer agus faoi thoinn, ar fud talamh na hEorpa agus in aigéin na cruinne, ag marú na milliún fear, ag lámhach, dá mbá is dá mbascadh, ag goineadh na milliún fear, dá mbaint dá meabhair, ag cur na milliún fear faoi ghlas ar dhrochthreo bidh is di is leapan, ag cur na milliún le fán an tsaoil ag leathadh plá agus gorta ar fud tíortha an domhain.”
Rinne an tAthair Pádraig Ó Duinnín i bhfad níos mó ná a fhoclóir mór a chur i dtoll a chéile. Choimeád sé súil ghéar thuisceanach ar chúrsaí reatha sa bhaile agus i gcéin ina cholún rialta ar an Leader. Rinne sé tráchtaireacht ar an gCogadh Mór ó sheachtain go seachtain, agus tá glac mhór de na haltanna sin i gcló arís sa leabhar seo, mar aon le réamhrá agus nótaí mínithe.
Fíonn Ó Duinnín scéal na cogaíochta thar lear i scéal choimhlint na saoirse sa bhaile. Éiríonn leis castachtaí polaitiúla agus stairiúla a linne a léiriú go beacht agus go simplí. Ba í an tsíocháin an chloch ba mhó ar a phaidrín i gcónaí. Ó thús an chogaidh chonaic sé go soiléir an t-anró agus an phian a bhí i ndán do mhná agus páistí ach go háirithe, gan trácht ar na saighdiúirí féin ar mhachaire an áir. Chonaic sé go dtiocfadh athruithe móra sóisialta agus eacnamaíochta ar an saol i ndiaidh an chogaidh, agus go raibh síolta an chéad chogaidh eile le fáil i pé socrú síochána a dhéanfai faoi dheireadh.




