Skip to main content

An Diabhal Déanta

  • 0.3 KG:
  • Cló Iar-Chonnacht
  • Joe Steve Ó Neachtain
  • 9781784442002
Praghas

€12.00


Is fada an lá é molta scéal chuile dhuine a bheith agatsa ach gan do scéal féin a bheith ag duine ar bith. Ach is mór an mhaith nár thug Joe Steve Ó Neachtain mórán airde ariamh ar an gcomhairle sin. Mar is é atá sa saothar seo uaidh meascán dá scéal féin agus taithí dhaoine eile, beagáinín beag bídeach de scéal an ghamhna bhuí agus oiread na fríde de phaidir an chapaill, an scéal fada giorraithe agus fad bainte as an scéal gearr. Sa gcnuasach seo cíortar ábhair mar an saol mór ag brú isteach ar an mbaile beag, an rachmas ag srachailt leis an mbochtanas, agus an grá agus an briseadh croí in árach a chéile gan stad gan staonadh.

Clár:

  • Brollach
  • Aire na hUibhe
  • An Misnéar Mór
  • An Peaca Marfach
  • Tinpeall i gCiorcal
  • Tart
  • Aonráin
  • Don Bigastro
  • Ar Son na Cúise
  • Blas an Bheagáin
  • Seanspite
  • Súil Eile
  • Nuair is Mó an Deifir
  • Faoi Thalamh
  • Calm
  • Rún Daingean
  • Idir Dhá Cheann na Meá
  • Úr agus Críon na hAoise