Skip to main content

An Diabhal in Uachtar in Áth Cliath – Frithdhúnadh 1913 trí shúile na nGael

  • 0.5 KG:
Praghas

10.00


Tá céad bliain anois ann ó cuireadh an cath idir oibrithe agus fostóiríar a dtugtar frithdhünadh Bhaile Átha Cliath i 1913-14, Fós féin, is é an choimhlint is mó iomrá idir oibrithe is fostóirí in Éirinn 6. Tá cuimhne na troda seo, na heachtraí is na híomhánna a ghabhann léi, beo i gcónaí, agus athnuachan déanta uirthi ag imeachtaí comórtha.

Ón gcuid is mó den trácht atá déanta ar an scéal, áfach, thabharfá leat gur i mBéarla amháin a thit rudaí amach i 1913. Ní hamhlaidh atá. Bhí cúrsaí an aighnis á dtuairisciú agus á bplé i nGaeilge freisin, agus tá a scéal á insint i nGaeilge ó shin. Ní suarach é cion na Gaeilge sna himeachtaí, agus tá cuid shuntasach den phictiúr ceilte orainn dá uireasa. Bhí caidreamh idir gluaiseacht na Gaeilge agus gluaiseacht na n-oibrithe, agus is gné de chúlra an fhrithdhúnta é sin.

Tugann an leabhar seo taobh dearmadta na Gaeilge de scéal 1913 chun solais agus pléann sé gach a bhain leis. Is iomláine ár dtuiscint da thoradh ar na ceisteanna a d’eascair uaidh, ceisteanna atá beo fós céad bliain anonn.

 

Is sóisialaí agus scríbhneoir é Aindrias Ó Cathasaigh. I measc a chuid saothar, tá leabhair ar Shéarnas Ó Conghaile, Pádraic Ó Conaire, agus éiri amach na Cásca. Tá cnuasaigh de shaothar Uí Chonghaile agus Uí Chonaire curtha in eagar aige freisin, chomh maith le nuachtán an Phiarsaigh An Barr Bua. Tá neart alt is aistí agus dhá shraith teilifíse scríofa aige ar stair na tréimhse. Aithnítear go forleathan an dian-taighde agus an aigne ghéar a chuireann sé i bhfeidhm ar na cúrsaí atá faoina shúil.