An Dialann Phleanála do Chleachtóirí Iar-bhunscoile 2026/2027 *ar fáil Fómhar 2026*
- .5 KG:
- An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta
- An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta
- 9781066615308
Praghas
€20.00
9781066615308
Is acmhainn nua FCÁT de chuid COGG í An Dialann Phleanála. Dearadh an acmhainn seo go sonrach do mhúinteoirí iar-bhunscoile i suíomhanna T1, le tacú le múinteoirí na moltaí dea-chleachtais ón taighde reatha a chur i bhfeidhm sa tseomra ranga.
Forbraíodh an dialann nua seo le tacú le múinteoirí an Fhoghlaim Chomhtháithe Ábhar agus Teanga (FCÁT) a chur i bhfeidhm ina gcleachtas ábharbhunaithe. Cuimsíonn an dialann nua na míreanna seo a leanas:
Teimpléid phleanála le riar ar spriocanna ábhair agus teanga araon ar bhonn laethúil
Samplaí pleanála le FCÁT san áireamh, do réimse ábhair
- Stráitéisí agus moltaí tumoideachais
- Earráidí na nDaltaí
- Acmhainní samplacha
- Suíomhanna úsáideacha don chleachtóir tumoideachais
- Greamáin aiseolais
- Míreanna eile amhail: Bainistíocht Ranga, Forbairt Ghairmiúil, An Cleachtóir Athmhachnamhach , Gnóthachtáil Dalta agus neart eile!




