Skip to main content

An Dochtúir Áthas

  • .2 KG:
  • Leabhar Breac
  • Liam Mac Cóil
Praghas

12.50


Ba é mo dhochtúir féín a chuir chuige mé. ‘Tá galar ort,’ a deir sé an lá seo, ‘nach bhfuil aon ainm air. Tá an Dochtúir Áthas an-sciliúil ina leithéid,’ ar seisean. ‘Tá mé chun tú a chur chuige. Is síocanailíseoir é.’ Is mar sin a thosaíonn an scéal seo; más scéal é.

Moladh fhoireann An Siopa Leabhar:

Sárúrscéal é seo atá dúshlánach de bharr na dtagairtí atá sa leabhar don síocanailíseach, an Freudachas, tagairtí don ealaín, agus tagairtí do scríbhneoirí eile mar Oscar Wilde. Tá doimhneacht faoi leith ag baint le scríbhneoireacht Mhic Chóil, atá soiléir tríd An Dochtúir Áthas, a thugann aitheantas do dhuine a bhfuil súil ghéar acu i leith na litríochta. É sin ráite, tá an leabhar seo fós suntasach agus taitneamhach do dhuine nach bhfuil eolach ar na rudaí seo. [Stiofán]