An Eochair
- .23 KG:
- Coiscéim
- Cliodna Cussen, Clíodhna Cussen
Praghas
€7.50
Cur síos breá agus an-tuisceanach anseo againn ó Chlíoḋna Cussen ar an ngrá a thug Eibhlín Dubh Ní Chonaill do Art Ó Laoire. Ba é seo an fear céanna ar chum sí an Caoineadh cáiliúil air nuair a maraíodh é ar ball. Gheofar anseo cuntas ar an saol as ar fuineadh Eibhlín i dtigh na gConallach i nDoire Fhíonáin, léiriú ann fosta ar shaol na mban ag an am, agus ar an gcuma a ndeachaigh sí in éadan toil na bhfear nuair a d’éalaigh sí ina theannta. Tá de bhua ag Clíoḋna Cussen go n-éiríonn léi scéal casta a chur inár láthair go beacht soléite.





