Skip to main content

An Fear nach nDéanann Gáire

  • 0.4 KG:
  • Cló Iar-Chonnacht
  • Mícheál Ó Conghaile
  • 1902420659
Praghas

15.00


Aistear samhlaíochta atá sa saothar seo ó Mhicheál Ó Conghaile. Turas éirime atá ann a bhainfidh searradh as do chéadfaí agus a bhainfidh gáire asat scaití, beag beann ar theideal an chnuasaigh. Turas é atá dathannach agus dubh dorcha ar a sheal. Tabharfaidh sé ón stáisiún tréigthe traenach go dtí liombó na leathchoise thú; seolfaidh sé ó leaba chréúil na bhfocal adhlactha go barr talaimh i gConamara thú. Casfar canablaigh ort agus fir leathchoise; striapaigh na trócaire agus díoltóirí tí.

Cuireann an t-údar casadh súgánach i ngach scéal go bhfeictear snáth an duine leis an saol – agus lena chomhdhuine – ag dul in aimhréidh. Cloch ar chloch, leagann Micheál Ó Conghaile an claí teorann idir an réaltacht agus an draíocht ionas gur deacair ar deireadh iad a aithint óna chéile. Seoid líofa atá i ngach scéal agus cruthúnas arís eile atá sa chnuasach seo go bhfuil an fear stiúrach ina mháistir ar a cheird.