Concise English–Irish Dictionary (An Foclóir Nua Béarla–Gaeilge / Foclóir an Mhianánaigh)
- 3.1 KG:
- An Gúm
- Pádraig Ó Mianáin
- 9781857910247
Praghas
€30.00
30,000 ceannfhocal atá san fhoclóir nua a bhfuil Pádraig Ó Mianáin, scoláire Gaeilge as Doire, ina Phríomh-Eagarthóir air.
Tá an saothar nua bunaithe ar foclóir.ie, an foclóir ar líne atá áirithe ar cheann de na tograí Gaeilge is uaillmhianaí agus is tábhachtaí dá raibh ann le fada.
48,000 ceannfhocal atá sa bhfoclóir ar líne ach ar ndóigh ba ghá ciorruithe a dhéanamh don leagan clóite.
1,700 leathanach atá i gcorp an fhoclóra agus beidh 80 leathanach d’fhorlíonadh teanga agus gramadaí ann.
Is é Foclóir an Mhianánaigh, togra de chuid Fhoras na Gaeilge, an chéad saothar dá leithéid ó foilsíodh foclóir Thomáis de Bhaldraithe in 1959.





