An Ghaeilge ó Lá go Lá / Irish Day by Day (Fuaim ar líne)
- 0.5 KG:
- Clólann Bheann Mhadagáin
- A.J. Hughes
€24.00 Original price was: €24.00.€22.00Current price is: €22.00.
Stoc ar fáil
In An Ghaeilge ó Lá go Lá cuirtear 70 téacs gearr, soláimhsithe ar fáil, mar aon le 10 ceist agus 10 freagra (le cur san ord cheart) do gach téacs. Clúdóidh an leabhar seo:
- Na príomhréimsí foclóra a bheidh ag teastáil do chúrsaí mar An Teastas Sóisearach agus GCSE.
- Rogha leathan toipicí – bunaithe ar an saol laethúil, ar scoil, sa bhaile agus sa saol oibre.
- An Chopail is, an gnáthbhriathar sna haimsirí/ modhanna a leanas: caite, láithreach, fáistineach, modh coinníollach, gnáthchaite.
- Cainteoirí Gaeltachta ag léamh le cloisteáil trí QR cód
- Foclóir Gaeilge/Béarla ar chúl.
- Aistriúcháin ó Ghaeilge go Béarla ar an idirlíon.
Sé aidhm an leabhair seo ná léitheoir struchtúrtha a chur ar fáil le cuidiú leis an fhoghlaimeoir theacht isteach ar an bhun-Ghaeilge laethúil. Ó thaobh an chomhrá de, clúdaíonn an leabhar na bunréimsí bunúsacha, i.e. cé thú féin, cárb as thú, an tsiopadóireacht, an baile, an obair, an scoil, caithimh aimsire, laethanta saoire, cúrsaí sláinte, cúrsaí reatha srl. Thig an leabhar a úsáid ar scoil, sa rang oíche nó sa bhaile mar fhoghlaimeoir neamhspleách.
Ó thaobh na gramadaí de clúdaítear an chopail sna luathphíosaí den leabhar agus ansin leagtar béim ar an ghnáthbhriathar san aimsir chaite, san aimsir ghnáthchaite (idir ghníomhach agus shaorbhriathar).
Pléitear gnéithe eile, ar nós uimhreacha agus aidiachtaí chomh maith.
Tá Innéacs Gramadaí ar chúl an leabhair a chuideoidh leis an mhúinteoir agus leis an dalta ar aon. Beidh an Foclóir mar uirlis an-úsáideach ag an fhoghlaimeoir agus ar shuíomh idirlín Chólann Bheann Mhadagáin cuirtear ar fáil 70 aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge – aistriúcháin atá bunaithe ar na téacsanna atá sa leabhar seo. Táthar ag súil, mar sin de, go gcuideoidh An Ghaeilge ó Lá go Lá (idir leabhar agus ábhar idirlín) leo siúd atá ag iarraidh an ghnáth-Ghaeilge laethúil a fhoghlaim agus a úsáid.





