Skip to main content

An Ghluaiseacht – Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta

  • .6 KG:
  • Cló Iar-Chonnacht
  • Rónán Mac Con Iomaire
Praghas

20.00


In 1969, tháinig dream óg le chéile i gConamara chun tabhairt faoi fheachtas a d’athródh todhchaí na Gaeltachta go deo. Spreagtha ag agóidíocht a bhí ag tarlú ar fud na cruinne, bunaíodh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta mar sheasamh in aghaidh an feall a bhí á dhéanamh ar phobal imeallaithe agus a dteanga.

Insíonn an leabhar seo scéal corraitheach na Gluaiseachta, idir bhunú stáisiún raidió mídhleathach, ionsaithe ar pholaiteoirí, seilbh glactha ar fhoirgnimh rialtais, círéibeacha le Gardaí, feachtais toghchánaíochta, buamáil agus máirseáil.

Ach as an agóidíocht ar fad, tháinig na hathruithe ba shuntasaí a tharla i dtaobh na Gaeltachta riamh.

Tugann an leabhar seo le chéile den chéad uair an scéal iomlán faoin nglúin radacach a sheas an fód ar son chearta mhuintir na Gaeltachta.

Is é An Ghluaiseacht an tríú leabhar le Rónán Mac Con Iomaire ón gCeathrú Rua i gConamara.

Bhuaigh sé Gradam Scríbhneoir Nua na Bliana as a chéad leabhar, Rocky Ros Muc, ar ar bunaíodh fadscannán faisnéise a bhí fadliostáilte do na Academy Awards. Foilsíodh The Man Who Was Never Knocked Down in 2018.

Tá taithí fhada aige mar scríbhneoir, ag tosú le Independent Newspapers i 1995, agus scríobhann sé ábhar éagsúil do chomórtais an Oireachtais.