Skip to main content

An Grá Riabhach

  • .4 KG:
  • Coiscéim
  • Biddy Jenkinson
Praghas

€6.35

Stoc ar fáil


Nuair a labhartar i dtaobh Biddy Jenkinson de ghnáth, cuimhnítear ar an bhfilíocht den chéad scoth a fuaireamar uaithi sna tríchnuasach dá cuid a d’fhoilsigh Coiscéim go nuige seo. Ach, ar ndóigh, is ildánaí go mór ná san í. Tá scata duaiseanna buaite aici san Oireachtas ar dhrámaíocht, agus is fada í ag plé leis an ngearrscéal mar mheán liteartha. A rian san ar na gearrscéalta – nó, más fearr leat é, na ‘gáirscéalta’ atá cnuasaithe anseo. Saothar úr, saothar téagartha, saothar a léir-íonn an sárchumas atá ag Biddy le focail agus smaointe a ionramháil. Tour de force eile treise léi!

 

Clár:

  • Ab Dhroimeanaigh
  • Bóthar an tSeamlais
  • Coileach Ghleann Phádraig
  • Sláinte an Bhradáin
  • Éadaoin na hIlghiniúna
  • An Búistéir Geanmnaí
  • Oidhe Fhearghusa
  • Iarsma
  • Súil le hUaigh
  • Lúidín an Phíobaire
  • Muc Bhéal na Coirre
  • Tuairisc Thurasóra
  • Bláithín Naofa
  • A scéal féin á insint ag Dia Págánach Matoorey
  • Mná an Pharóiste
  • Leabhar Mholing
  • Scáildráma
  • Consortium Mulierum