Skip to main content

An Líon a Bhailíonn gach Iasc – Saol, Saothar agus Oidhreacht Michael Hartnett

  • .5 KG:
  • Leabhar Breac
  • Stephen Newman, Róisín Ní Ghairbhí, Tony Ó Floinn
  • 9781913814922
Praghas

20.00


Cnuasach aistí ar shaothar Michael Hartnett.

Fiche bliain i ndiaidh do Michael Hartnett an saol seo a fhágaint, deineadh comóradh air agus ar a shaothar Gaeilge le linn na comhdhála, ‘An Líon a Bhailíonn Gach Iasc: Saol, Saothar agus Oidhreacht Michael Hartnett’ a reáchtáladh i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Tharraing an teideal ar fhocail Hartnett in Adharca Broic (1978), ag fógairt go raibh fáilte á cur roimh ábhar ilghnéitheach agus roimh phlé critice ilchineálach.

Léargas ó scoláirí agus óna chomhfhilí

Tá léargas úrnua anseo ó scoláirí agus saineolaithe ar ghnéithe de shaol agus de shaothar Hartnett. Tá cuntais spreagúla freisin óna chomhfhilí agus dánta ó fhilí comhaimseartha cheantar an fhile.

Tá aistí anseo le Mícheál Ó Siochrú, Stephen Newman, Mairéad Conneely, Sorcha de Brún, Pádraig de Paor, Tomás L. Ó Murchú, Shane Grant, agus Róisín Ní Ghairbhí.

Is iad Stephen Newman, Róisín Ní Ghairbhí, agus Tony Ó Floinn na heagarthóirí.