An Meon Folaithe
- 0.5 KG:
- Cois Life
- Tadhg Ó hIfearnáin, John Walsh
- 9781907494802
€18.00
Idé-eolaíochtaí agus iompar lucht labhartha na Gaeilge in Éirinn agus in Albain
Cnuasach aistí bunaithe ar thaighde úr le scoláirí sochtheangeolaíochta atá ag obair i meitheal le tamall de bhlianta. Díríonn an saothar ar idé-eolaíochtaí chainteoirí na Gaeilge i nGaeltacht na hÉireann agus na hAlban.
Léiríonn an méid a chreideann daoine ina gcroí istigh faoi luach na Gaeilge an fhíorstaid ina bhfuil an teanga agus an rud atá i ndán di, ach tá an chuid is tábhachtaí de na smaointe sin chomh domhain i bhfolach nach gcuireann cainteoirí friotal orthu. Sin é an meon folaithe, an creideamh teangeolaíochta atá i bhfolach ach ar féidir linn tuiscint a fháil air nuair a dhéantar anailís ar iompar agus ar nósanna labhartha lucht na Gaeilge.
Na húdair: Tadhg Ó hIfearnáin, John Walsh, Laoise Ní Dhúda, Helena Ní Ghearáin, Noel P. Ó Murchadha, Cassie Smith-Christmas, Timothy Currie Armstrong agus Hugh Rowland.
- Éagsúlacht agus contrárthacht na gcreideamh teanga sa Bhreacbhaile – Laoise Ní Dhúda
- ‘Bagairt’ na teangmhála teanga: creidimh an phobail i dtaca le meascadh na Gaeilge agus an Bhéarla – Helena Ní Ghearáin
- Iniúchadh ar dhearcadh cainteoirí Gaeltachta ar éagsúlacht na Gaeilge comhaimseartha – Noel P. Ó Murchadha
- Idé-eolaíochtaí teanga i gcaidreamh teaghlaigh in Albain – Cassie Smith-Christmas
- An nádúrachas agus cainteoirí Ghaeilge na hÁlban – Timothy Currie Armstrong
- Conradh na Gaeilge afus an Language Freedom Movement (LFM): coimhlint idé-eolaíochta (1965-74) – Hugh Rowland




