An Peann is a Bhfuil Ann
- 0.23 KG:
- Coiscéim
- Gearóid Denvir
€8.50
Baile Átha Cliathach é Gearóid Denvir agus tá cónaí air le fada sna hAille, Indreabhán, i nGaeltacht Chonamara. Bhísé ina Ollamh Bunaithe le Nua-Ghaeilge i Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Chaith sé tréimhsí ag teagasc freisin in Ollscoil Hamburg, i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus in Ollscoil Toronto. Bhain sé BA agus MA amach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus tá PhD aige ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá riar mhaith leabhar agus aistí liteartha agus léannta scríofa aige ar ghnéithe éagsúla de litríocht, de theanga agus de chultúr na Gaeilge, ina measc: Aistí Phádraic Uí Chonaire (1978), Cadhan Aonair (1987), An Dúil is Dual (1991), Amhráin Choilm de Bhailís (1996), Litríocht agus Pobal (1997), Rogha an Chéid (2000) agus Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha (2010). Tá sé ina chathaoirleach ar Choláiste Chamuis a bhunaigh sé sa mbliain 1973. Tá suim mhór aige i gcúrsaí spóirt chomh maith, go mór mór sa bpeil agus san iománaíocht, agus tá sé gníomhach i gcónaí lena chlub áitiúil, Cumann Mhichil Bhreathnaigh.




