Skip to main content

An Piarsach sa Bheilg

  • 0.3 KG:
  • An Gúm
  • 1857912861
Praghas

8.00


Sa bhliain 1905 thug Pádraig Mac Piarais roinnt seachtaini sa Bheilg ag fiosrú chóras oideachais agus mhodhanna múinteoireachta na tire sin, ó thaobh an dátheangachais de go mór mór, agus ó thaobh mhúineadh na Pléimeannaise go sainiúil. D’imir an chuairt sin tionchar ar leith ar an bPiarsach agus scríobh sé cuntas uirthi ina cholún seachtainiúil ar An Claidbeamb Soluis.

Mar chomóradh nócha bliain ar bhunú Scoil Éanna tá na dréachtaí stairiúla sin ar athfhoilsiú anseo, sa Bhéarla bunaidh agus ina leaganacha Gaeilge agus Pléimeannaise, mar aon le haiste fhuinte léirmhínitheach (sna tri theanga) ón Dr Séamas Ó Buachalla.

 

Corcaíoch é Séamas Ó Buachalla a bhfuil tréimhse rófhada caite aige i mBaile Átha Cliath sa Roinn Oideachais agus i gColáiste na Tríonóide, áit a bhfuil sé ina Chomhalta. An tOideachas Comparáideach agus Stair an Oideachais na réimsí léinn is mó a shaothraigh sé. Is fada spéis ar leith aige i dteoiricí oideachais an Phiarsaigh agus tá litreacha, scríbhinní liteartha (idir Bhéarla agus Ghaeilge) agus scríbhinní oideachasúla an Phiarsaigh foilsithe aige. Tá sé ag obair faoi láthair ar scéal Scoil Éanna agus obair oideachais an Phiarsaigh.