D’fhéadfadh tairifí a bheith ar orduithe go SAM; beidh an faighteoir freagrach as na tairifí a íoc. Ní dhéanfar aisíocaíocht ar chostas poist do bheartanna a thagann ar ais chugainn. / Tarriffs in place on imports to USA; receiver is responsible for payment of tarriffs via An Post or UPS. Postage costs will not be refunded on parcels returned to us due to non-payment. Folaigh
Seanscéal simplí é seo a bhaineann le traidisiún béil na Síne. Is buachaill óg macánta é Cheng. Níl gach duine eile chomh macánta céanna leisean, áfach, ach sin an rud a aithníonn Impire na Síne é féin. Tá an scéal curtha in oiriúint do léitheoirí na linne seo ag Charlotte Guillain agus é maisithe go gleoite ag Steve Dorado. Bainfidh páistí óga sult as an leagan Gaeilge seo den scéal agus iad á léamh iad féin, nó agus duine eile á léamh os ard dóibh.