Skip to main content

An Reifirméisean, na Protastúnaigh agus an Ghaeilge 1534-1800

  • .5 KG:
Praghas

30.00


Tháinig Roibeard Ó hÉanna ar an saol i mBaile, Co. Langfort cúpla mile on tsráidbhaile Baile Mac Firbisigh, Lion Breac anois. Chuaigh sé go dtí an bhunscoil i Lios na Bo. Tá an scoil sin dúnta anois. Ina dhiaidh sin, cuireadh é go dtí Ospidéal an Rí i bPlás an Halla Dhuibh, áit ina raibh an mheánscoil cónaithe sin fós ag an am sin. Ina dhiaidh sin chuaigh sé ar aghaidh go dtí Coláiste na Tríonóide agus rinne sé staidéar ar Fraincis, Tireolaíocht agus Gaeilge. Tá Gaeilge Clasaiceach ar eolas aige freisin. Bhuaigh sé Duais Thaddeus Ó Mahony don Ghaeilge sa dara bliain. Chaith sé tamall maith de bhlianta ag múineadh. Bhain sé M.A.

Onoracha amach i nGaeilge Clasaiceach i gColáiste Phádraig Maigh Nuad. Sin é an leagan Gaeilge in ar scríobhadh bun-leabhair Stair na hÉireann. Chaith sé cuid mhaith blianta ag déanamh taighde ar an ábhar seo leanas, rud a thug é go dtía lân áiteanna agus bhí an t-eolas scaipthe anseo is ansiúd i leabhair éagsúla, irisí léannta, ailt agus mar sin de. Thóg sé cuid mhaith ama an t-eolas a bhailiú agus é a chur le chéile.

Protastúnach de chuid Eaglais na hÉireann is ea é ach tá dearcadh eacúiméineach aige. Dúirt Máirtín Ó Cadhain go labhraíonn sé Gaeilge cosúil le muintir Tuar Mhic Éadaigh.