Skip to main content

An Saol Bocht – Myles na gCopaleen agus Flann O’Brien

  • .8 KG:
  • Leabhar Breac
  • Brian Ó Conchubhair
  • 9781913814588
Praghas


Leabhar tábhachtach ar shaothar Bhriain Uí Nualláin atá anseo, leabhar a thugann faoina bhfuil scríofa faoin Nuallánach a scrúdú agus a iniúchadh as an nua, agus a chuireann leis sin eolas úr atá tagtha chun solais ó scríobhadh na beathaisnéisí agus na saothair eile taighde faoi.

Beatháisnéisí géarchúiseach

Éacht oibre is ea an leabhar seo. Is léir go bhfuil gach a bhfuil le léamh faoi Bhrian Ó Nualláin i nGaeilge agus i mBéarla léite ag Brian Ó Conchubhair – leabhair, aistí, litreacha, taifid oifigiúla, ábhar i gcartlanna,  srl. Is beathaisnéisí caidéiseach géarchúiseach Ó Conchubhair, a sholáthraíonn a lán firicí nua faoi shaol agus shaothar Uí Nualláin.

Lár an Dioscúrsa

Níos tabháchtaí fós, b’fhéidir, tugann sé comhthéacsanna do na fiiricí céanna, rud a chuireann ar chumas an léitheora tuiscint níos leithne agus níos doimhne d’fháil ar shaol an fhir féin – comhthéacs a mhuintire, comhthéacs liteartha, comhthéacs na hoibre a rinne sé san iriseoireacht agus sa státseirbhís, comhthéacs a shláinte, srl. Níl amhras ar bith go mbeidh an leabhar breá seo i gceartlár an dioscúrsa faoi shaol agus saothar Myles amach anseo.