An Scáileán Mór
- 0.2 KG:
- Coiscéim
- Mícheál Ó hAodha
- 6660012140138
€7.50
Stoc ar fáil
Is ealaín í an scannánafocht a bhfuil tionchar thar a bheith cumhachtach aici ar an ngnáthshaol laethúil. Is aisteach an ní é, mar sin, nach bhfuil an t-uafás scríofa sa Ghaeilge fós a théann i ngleic le cultúr na scannánafochta.
Déanann na haistí sa leabhar seo scagadh ar ghnéithe éagsúla de réimse na scannánafochta comhaimseartha. Réimse eicléicteach ábhar a bhaineann le scannánóirí agus gort na scannánaíochta a chíortar ann. Déantar iniúchadh ar ghnéithe sonracha stile agus ábhair mar a bhaineann le scannánóirí domhanda a bhféachtar orthu mar mhórealaíontóirí, agus dírítear aird chomh maith ar stiúrthóirí nach bhfuil aitheantas forleathan acu go fóill.
Ar na ceisteanna a ndéantar iniúchadh orthu sna haistí seo tá an caidreamh idir an scannánaíocht agus réimsí eile saoil, cúrsaíiriseoireachta, teilifíse agus litríochta san áireamh. Tá spéis ag na scannánóirí a phléitear anseo sna saincheisteanna móra fealsúnachta, ní hamháin mar a bhaineann siad le feidhm na scannánaíochta, ach mar a bhaineann siad leis an nádúr daonna féin.
Is leabharlannaí agus léachtóir cuairte in Ollscoil Luimnigh é Mícheál Ó hAodha. Díríonn a chuid taighde ar chúrsaí staire, cultúir agus cumarsáide den chuid is mó. Tá cnuasach filíochta leis i gcló ag Coiscéim, Slán le hÉirinn, chomh maith le leabhar staire is bailiúchán gearrscéalta a chuir sé in eagar.




