An Seol atá Fút
- .34 KG:
- Cló Iar-Chonnacht
- Annemarie Nugent
- 9781784442767
€8.00
Scéal corraitheach seoltóireachta é seo, agus téama LADTA+ fite tríd.
Buaileann Ríona le Mealla ag campa seoltóireachta samhraidh, agus bíonnseachtain iontach acu le chéile amuigh ar an bhfarraige.
Níl taithí ar bith ag Ríona ar an tseoltóireacht, agus níl mórán airgid ag a máthair chun níos mó ná campa seachtaine amháin a thabhairt di.
Ní mar sin atá cúrsaí ag a cara nua Mealla.Tá an-chuid taithí aici siúd ar an tseoltóireacht, agus tá bád ag a teaghlach. Ach tá fadhbanna aici sa bhaile, agus fadhbanna eile aici leis na traenálaithe ar an gcampa samhraidh.
Caithfidh na cailíní dul i ngleic leis an dainséar agus leis an mbagairt, fad is atá caidreamh nua ag fás eatarthu.
An mbeidh na scileanna acu chun iad féinagus daoine eile a shábháil ón dainséar? Agus cad faoin gcaidreamh nua seo – an bhfuil an tsuim chéanna acu ina chéile? An grá é seo nó díreach dlúthchairdeas?
Is scríbhneoir cruthaitheach í Annemarie Nugent. Scríobhann sí úrscéalta, gearrscéalta agus splancscéalta. Is ball í de Aontas na Scríbhneoirí agus AerachAiteachGaelach, agus cabhraíonn sí le scéim Fighting Words na Gaeilge.



