Skip to main content

An Taobh Eile den Scamall

  • 0.4 KG:
  • Arlen House
  • Conor Bowman
  • 9781851322251
Praghas

15.00


Má tá sé de dhualgas ag údar scéal taitneamhach inléite spéisiúil a sholáthar don léitheoir tá seo déanta go binn agus go seolta ag Conor Bowman sa chéad úrscéal Gaeilge seo uaidh. Ar an leibhéal is soiléire, úrscéal grá atá ann ach go nochtar dálaí agus cúraimípearsana éagsúla ann chomh maith céanna, fara atmaisféar áite agus ama faoi leith a thugann léargas dúinn ar Éirinn na linne. Beirt is ea na príomhcharachtair a léirítear go domhain agus go báúil cé nach geeiltear a laigí ach an oiread. Lasmuigh díobh sin tá mic léinn dlí, aturnaetha cama, madra de bhreitheamh, briseadh an bháis, aighneas uachta, athair a d’fhill, cairde dílse, oícheanta ragairne, cailíní meánscoile de gach sórt, agus mirabile dictu, mná rialta ceanúla a bhfuil carthanacht ina gcroí. Cad eile a bheadh uait?

– Alan Titley

 

Nuair a d’fhill an t-úrscéalaí George Moore ar Éirinn ag tús an chéid seo caite, bhí sé chomh tógtha le Conradh na Gaeilge gur gheall sé go scríobhfadh sé scéal chomh maith sin go mbeadh daoine ag foghlaim Gaeilge len é a léamh. Níor éirigh le George, ach b’fhéidir go n-éireodh leis an mbould Bowman.

– Pádraig Standún