An tAthrú Mór – Scríbhinní Sóisialacha le Pádraic Ó Conaire
- .5 KG:
- Coiscéim
- Pádraic Ó Conaire
€12.00
“Agus seo é an t-athrú mór atá i gceist agam: go bhfuil lucht oibre an domhain, lucht soláthraithe gach maoine, ag teacht i réim, agus forlámhas ar an saol seo dhá ghabháil aca…. Seilbh agus stiúrú gach ábhar maoine dá bhfuil ann-sin é ceart an lucht oibre, mar is iad, agus is iad amháin a sholáthraíonn gach iolmhaoin agus saibhreas dá bhfuil ann.”
Tá aithne fhorleathan ar bhuanna Phádraic Ul Chonaire mar scríbhneoir, ach níl an aithne chéanna ar na scríbhinní sóisialacha a tháinig óna pheann tar éis réabhlóid na Rúise i 1917. Sóisialachas réabhlóideach a chuir sé chun cinn, ag iarraidh saol úr a chur in áit an chaipitleachais seachas é a leasú. Ní ardú pá ach deireadh le córas an phá a bhí uaidh, an aicme oibre a chur i réim. Bheadh ar na hoibrithe ollstailc a eagrú leis an gcaip-itleachas a chur ina stad, dar leis, chomh maith le harm dá gcuid féin le frithionsaí na gcaipitlithe a chloí. Réabhlóid idirnáisiúnta a bheadh ann, a chuirfeadh deireadh leis an gcogaíocht is dual don chóras caipitleach, agus a thógfadh an saol athuair ar bhunchloch shaoirse an duine.
Nior aithníodh go leor den saothar go dtí seo, agus rinneadh neamhaird de chuid eile. De na haltanna anseo, tá trí cheathrú díobh nár cuireadh ar fáil in aon leabhar ariamh, agus a leath nár áiríodh ar a chuid saothair. Tabharfaidh an cnuasach seo deis don chéad uair tuiscint cheart a fháil ar shóisialachas Uí Chonaire.
Tá aistí scríofa agus léachtaí tugtha ag Aindrias Ó Cathasaigh ar ghnéithe éagsúla de scéal Uí Chonaire, agus iad foilsithe ar irisí éagsúla. Tá leabhair ar Shéamas Ó Conghaile, Karl Marx agus Máirtín Ó Cadhain scriofa aige, chomh maith le eagar a chur ar shaothar Uí Chonghaile agus Ui Chadhain. Foilsítear an bheathaisnéis pholaitiúil a scríobh sé, Réabhlóid Phádraic Uí Chonaire, in éineacht leis an gcnuasach seo.




