Skip to main content

An té a bhíonn ag gáire – Brian Ó Nualláin – Scríbhneoir Gaeilge Béarla

  • .5 KG:
  • Cló Iar-Chonnacht
  • Louis de Paor
Praghas

18.00


Sula raibh trácht ar Myles na gCopaleen nó Flann O’Brien, bhí Brian Ó Nualláin (1911-66) ann, fear óg a tógadh le Gaeilge, a rinne staidéir ar an nGaeilge dáchéim agus a bhain céim MA amach sa tSean-Ghaeilge. Ar ndóigh, ní haon scéal nua é do lucht na Gaeilge a lárnaí is a bhí an teanga agus saíocht na teanga i saothair mar An Bhéal Bocht (1940) agus an iliomad tagairtí dá litríocht ina cholún san Irish Times, ‘Crusikeen Lwan’ – go deimhin is i nGaeilge a scríobhtaí an colún céanna i dtús ama. Is é atá a mhaíomh sa saothar seo a lárnaí is a bhí eispéaras na Gaeilge sna húrscéalta sin a bhain cáil dhomhanda amach dó, mar atá, At Swim-Two-Birds (1939) agus The Third Policeman (1967), úrscéalta a bhféactar anois orthu mar shár-eiseamláirí de chuid an úrscéil nua-aoisigh. Go deimhinm is féidir a áiteamh go bhfuil cló na Gaeilge chomh láidir sin ar shamhlaíocht chrosta dhátheangach Bhriain Uí Nualláin gue geall le scríbhneoir Gaeilge é fiú agus é ag scríobh as Béarla.