Tá a leanbaíocht agus an scoil fágtha taobh thiar de ag Liam agus saol mór na hoibre agus an duine fhásta ag síneadh amach roimhe. Is le díogras a thugann sé faoin ré nua dá shaol ach ní fada go mbíonn ciseach cheart déanta de gach rud aige agus gan a fhios aige an bhfuil réiteach le fáil ar an scéal…