An Teagascóir Gramadaí
- 0.6 KG:
- Séamas Ó Máirtín
Praghas
€23.00
Tá béim mhór ar an nGaeilge labhartha ó thús deireadh an leabhair ghramadaí seo. Gaeilge Chois Fharraige atá ann.
Dírítear ar na gnéithe seo a leanas:
- Léargas ar na gutai
- Na bealaí éagsúla chun inscne an ainmfhocail a aithint
- An tAinmfhocal agus an Aidiacht san Uimhir Iolra
- Na Tuisil agus neart cleachtaí ar an Tuiseal Tabharthach
- Na Díochlaontaí agus go leor cleachtaí ar an Tuiseal Ginideach Uatha
- Baintear úsáid éifeachtach as iomhánna an dúlra chun ainmfhocail na ndíochlaontaí a léiriú
- Na hAinmfhocail Mhírialta
- An tAinmfhocal agus An Aidiacht; an Tuiseal Ginideach, Uimhir Uatha
- Lagiolraí agus tréaniolraí; neart cleachtaí
- Léirítear freisin an ghramadach inár dtimpeallacht agus chuige seo, tá samplaí de na logainmneacha sna díochlaontaí éagsúla
- Cleachtaí gramadaí maidir le Réamhaisnéis na hAimsire agus Saol an Spóirt
- Freagraí: Tugtar an deis duit do chuid Gaeilge a chleachtadh mar tá na freagraí ar na cleachtaí ar fad ar chúl an leabhair agus níos fearr fós tá comhaid fuaime ag dul leis na freagraí
- Nasc chuig na taifid fuaime agus na freagraí: https://coisfharraige.ie/pleanail-teanga/tacaiocht/tacaiocht-an-foram/an-teagascoir-gramadai/






