Skip to main content

An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair

  • 0.5 KG:
  • CLÓ IAR-CHONNACHT
  • Cathal Póirtéir
  • 9781784442484
Praghas

20.00


Nuair a leag George Hill, de bhunadh teaghlach uasal Protastúntach, cos i nGaoth Dobhair den chéad uair in 1834, chuaigh an áit i bhfeidhm chomh mór sin air gur thosaigh sé ag ceannach talaimh ann go gairid ina dhiaidh sin. Chaith sé an chuid eile dá shaol ag plé leis an cheantar agus rinne infheistíocht mhór ann. Tógadh tithe, céanna, bóithre, droichid, óstán fiú. Tugadh gabháltais chun rialtachta agus talamh chun míntíreachais. Sheas sé leis an phobal aimsir an Ghorta Mhóir agus tháinig Gaoth Dobhair slán cuid mhaith ón gcuid ba mheasa den Drochshaol. Ach, mar sin féin, ní raibh achan duine sásta leis, agus nuair a lig sé talamh coiteann, a bhíodh ag a chuid tionóntaí go dtí sin, le sréadaithe caorach, d’fhás aighneas agus foréigean – Cogadh na gCaorach. D’éirigh cúrsaí chomh corraithe agus líomhaintí éagsúla chomh fairsing gurbh éigean roghchoiste parlaiminte a thionól in 1858 leis an scéal a fhiosrú. Déantar iarracht anseo fíricí agus barúlacha faoi Hill agus Gaoth Dobhair a tharraingt le chéile lena gcomhthéacs staire agus pearsanta agus lena oidhreacht sa cheantar a mheas go cothrom. Bain conspóid le Hill i nGaoth Dobhair lena linn agus is ar éigean go gcuirfidh an leabhar deireadh seo leis an chur agus cúiteamh.

—-

An té a thabharfadh sciuird thart timpeall na hEaragaile agus ceantar Ghaoth Dobhair, tiocfaidh siad ar óstán breá darb ainm an Chúirt. Tiarna talún áitiúil a thóg, darbh ainm George Hill. Is doiligh a rá cén sórt duine a bhí ann, óir is iomaí scéal a mhaireann faoi, idir mhaith agus olc.

Déantar iarracht anseo fíricí agus barúlacha faoi Hill agus Gaoth Dobhair a tharraingt le chéile lena gcomhthéacs staire agus pearsana, le cuidiú linn a oidhreacht sa cheantar a mheas go cothrom.

Foilsíodh paimfléad in 1845, ‘Facts from Gweedore’ a chuir go mór le clú Hill. Tugann sé insint Hill ar an obair a rinne sé i nGaoth Dobhair, i bhfocail Sir James Dombrain is cosúil. Is é léargas an tiarna talaimh atá ann agus ní raibh achan duine ar aon intinn faoin mhéid a rinne Hill sa pharóiste. D’éirigh coimhlint idir an tiarna talaimh, na sagairt agus pobal Ghaoth Dobhair sna 1850í agus tá cur agus cúiteamh faoin scéal ó shin.

Scríbhneoir agus craoltóir é CATHAL PÓIRTÉIR a chuireann spéis ar leith i litríocht na Gaeilge, béaloideas na hÉireann agus an stair.