Skip to main content

An Triail – Máiréad Ní Ghráda

  • An Gúm
  • Máiréad Ní Ghráda
  • 9781857919738
Praghas

€6.95


Is maith an teist é ar an dráma go bhfuil sé fós á léamh, agus níos tábhachtaí fós, á léiriú, sa lá atá inniu ann. Is saothar ríthábhachtach é, a bhronnann léargais úra orainn go fóill. An Dr Éadaoin Ní Mhuircheartaigh (An Réamhrá)

Tá cáil An Triail imithe i bhfad is i gcéin ó céadléiríodh é in 1964. Tá breis tráthúlachta leis le tamall anuas lena bhfuil tagtha chun solais go poiblí faoin tslí ar caitheadh le mná óga neamhphósta a bhí ag iompar clainne. Baineann gnéithe suaithinseacha le ceardaíocht an dráma chomh maith, leis an tslí a gcuirtear ábhar an dráma i láthair fara cruinneas agus cumhacht na scríbhneoireachta féin. Pléitear na nithe sin ar fad sa réamhrá tathagach atá leis an eagrán nuachóirithe seo de cheann de mhórshaothair na Nua-Ghaeilge.

 

Eagrán nua le haiste nua, clúdach nua air.