Skip to main content

Aoi ag Bord na Teanga

  • .3 KG:
  • LeabhairComhar
  • Celia de Fréine
  • 9781919601380
Praghas

13.00


Rogha leathan as seacht gcnuasach filíochta, mar aon le dánta nua, atá sa díolaim seo a thugann léargas ar an aistear fileata atá curtha i gcrích ag Celia de Fréine le scór bliain anuas.

Réimse leathan ábhar, cuid acu go mór i mbéal an phobail, a chuimsítear sa díolaim. Saol na tuaithe mar aon le saol na cathrach a phléitear sna dánta, a ghluaiseann ó ábhar go hábhar lena scéal a insint i nguth láidir a bhfuil feasacht shóisialta go mór chun tosaigh ann.