Skip to main content

Ar Lámh Shábhála? Coimisiún na Gaeltachta 1926

  • .8 KG:
  • Cló Iar-Chonnacht
  • John Walsh
  • 9781784443146
Praghas

€20.00


In 1926 a foilsíodh tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta, gníomh a raibh tionchar cinniúnach aige ar an bpolasaí i leith na Gaeilge go ceann blianta fada ina dhiaidh sin.  Bhunaigh an rialtas an Coimisiún in 1925 chun teorainn na Gaeltachta a bheachtú agus chun moltaí a dhéanamh maidir le neartú na Gaeilge i gcúrsaí oideachais, riaracháin agus geilleagair.  Sa leabhar seo, cuirfear taighde nua i láthair ar obair agus ar thionchar an Choimisiúin agus cothrom céad bliain a bhunaithe á chomóradh.  Scagfar beathaisnéisí na gCoimisinéirí, cíorfar an fhianaise an athuair agus déanfar anailís ar an oidhreacht fhada a d’fhág an Coimisiún ina dhiaidh.