Ar Scáth a Chéile – Cnuasach seanfhocal agus nathanna cainte as na tíortha Ceilteacha
- .4 KG:
- Coiscéim
- Diarmuid Ó Breasláin
€10.00
Bíonn saibhreas sheanfhocail na Gaeilge le brath ag aon duine a léann cúpla ceann acu. Tá siad lán de chiall, ag tabhairt dearcadh eile ar an saol in amanna, iad glic nó greannmhar, dáiríre nó dána. Agus is amhlaidh atá a macasamhail sna teangacha Ceilteacha eile: an Ghàidhlig, an Ghaelg, an Bhreatnais, an Choirnis agus an Bhriotáinis. Níor mhaolaigh na teachtaireachtaí nó an chiall atá le baint astu le himeacht ama.
Tá céad seanfhocal as gach ceann de na teangacha Ceilteacha sin le fáil anseo, agus iad aistrithe go Gaeilge freisin. Tá na cosúlachtaí is na difríochtaí idir na teangacha le feiceáil go soiléir. Tá caibidil ar gach teanga, ina dtugtar gearrstair na teanga, nótaí ar ghnéithe di, agus cur síos ar na seanfhocail féin.
Is iontach an bealach isteach sna teangacha Ceilteacha é an cnuasach seo. I ndiaidh na seanfhocail seo a léamh, tuigfear go bhfuil brí ar leis leis an seanfhocal Gaeilge ‘ar scáth a chéile a mhaireann na daoine’.
As Béal Feirste do Dhiarmuid Ó Breasláin. Tá tamall fada caite aige ag obair le cúrsaí Gaeilge sa phobal ina chathair dhúchais. Tá sé ag plé le cúrsaí Ceilteacha le breis is tríocha bliain.
Féach freisin: A Short History of the Breton Language.






