Skip to main content

As Tobar an Doibhlinigh

  • .5 KG:
  • Coiscéim
  • Tracey Ní Mhaonaigh, Breandán Ó Doibhlin
  • 6660012160143
Praghas

15.00

Stoc ar fáil


Is scríbhneoir agus scoláire é an Moinsíneoir Breandán Ó Doibhlin a bhfuil an oiread sin scríofa aige ar réimse leathan ábhar i raon leathan teangacha le breis agus trí scór bliain anuas. Mar athair nua-chritic na Gaeilge is mó a chuimhníonn pobal na Gaeilge ar an Doibhlineach agus scoil chritice curtha ar bun aige i Má Nuad sna seascaidí. Tá taithí na mblianta aige ar litríocht na Fraincise, leis, agus ba é an Reachtaire deireanach é ar Choláiste na nÉireannach i bPáras. Bronnadh neart duaiseanna agus gradam air in imeachtaí na mblianta, ina measc, Chevalier de l’Ordre National du Mérite, Duais Amharclann na Mainistreach (Iníon Mbaor an Uachta) agus Officer de la Légion d’Honneur.

 

Is léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad í Tracey NíMhaonaigh. Tá spéis faoi leith aici i gcúrsaí foclóireachta, téarmaíochta agus aistritheoireachta agus bronnadh Dochtúireacht uirthi as an obair a rinne sí ar an ollsaothar foclóireachta Croidhe Cainnte Ciarraighe a thiomsaigh Seán Óg Ó Caomhánaigh.

Arna thiomsú ag Tracey Ní Mhaonaigh.