Skip to main content

Athbheochan na Gaeilge – Cnuasach Aistí

  • .6 KG:
  • Conradh na Gaeilge
  • Donncha Ó Súilleabháin
Praghas

15.00

Stoc ar fáil


Bhí dlúthbhaint ag Donncha Ó Súilleabháin le Conradh na Gaeilge agus le hobair na Gaeilge ó 1933 go lá a bháis, 16 Meitheamh 1989.

Bhí sé ina chónaí i Londain 6 1936 go 1940 agus bhí sé ar ardchoiste an Chonartha ansin ó 1938 go dtí gur fhill sé ar Éirinn i 1940. Chabhraigh sé le bunú An Glór i 1941 agus thug sé cúpla bliain mar bhainisteoir air. Bhí sé gníomhach ar Choiste Gnó an Chonartha sna daichidíagus ar Choiste an Oireachtais sna caogaidí.

Ceapadh Donncha ina Rúnaí ar an gConradh agus ar an Oireachtas i 1955. Ceapadh ina Stiúrthóir ar an gConradh é i 1969, agus bhí sé ina Stiúrthóir ar an gConradh agus ina Rúnaí ar an Oireachtas go dtí go ndeachaigh sé amach ar pinsean i Márta 1979.

Rugadh beirt iníon, Bríd agus Róisín, do Dhonncha agus dá bhean chéile, Áine.

I gCumorcáin, láimh leis an nGleann Garbh i gContae Chorcaí a rugadh Donncha ar 22 Deireadh Fómhair 1913.