Athrú ag Teacht – Conradh na Gaeilge, Ardfheis 1915
- 0.3 KG:
- Coiscéim
- Aindrias Ó Cathasaigh
- 6660012160280
€10.00
Tá a fhios ag an saol céard a tharla ar ardfheis Chonradh na Gaeilge i 1915, nach bhfuil? De thoradh uisce faoi thalamh, glacadh le rún go mbeadh saoirse na tire mar chuspóir ag an gConradh, agus d’éirigh Dubhghlas de hide as mar uachtarán dá bharr. Ligeadh an pholaitiocht isteach den chéad uair, rud a chuir deireadh le ré órga na hathbheochana. Sin é a tharla, nach ea?
A Ach tá an fiorscéal i bhfad Éireann níos casta-agus nios spéisiúla-ná an leagan coitianta sin. Tá fiosrú grinn géar déanta air den chéad uair sa leabhar seo. Tarraingionn sé ar cháipéisi an Chonartha, nuachtáin na linne, díospóireachtaí na n-ardfheiseanna, tuairisci na bpóilíní, cuimhní na ndaoine a bhi páirteach, agus an anailis átá déanta ó shin i leith.
Tá cur síos cuimsitheach le fáil anseo ar an gcaoi ar phléigh an Conradh le polaitiocht shuaite na haimsire sin: an cogadh mór, an ardfheis chinniúnach, agus éiri amach na Cásca. Caitear solas úr ar eachtraí agus pearsana na tréimhse, agus an caidreamh deacair idir an teanga is an pholaitiocht.
Is starai ė Aindrias Ó Cathasaigh atá ar thús cadhnaiochta ag cioradh na tréimhse réabhlóidí i nGaeilge. Chomh maith le dha leabhar is dhá shraith teilifise ar an éiri amach, tá leabhair scriofa aige ar fhrithdhunadh 1913, Séamas Ó Conghaile, agus polaitíocht Phádraic Uí Chonaire. Tá nuachtáin radacacha Gaeilge ó na blianta sin curtha inár láthair aige, agus ni hé seo an chéad uair aige stair chorrach Chonradh na Gaeilge a insint.




