Baothléim sa Dorchadas – Stair na Fealsúnachta
- 0.5 KG:
Praghas
€7.50
Leis na mílte bliain, tá lucht na fealsúnachta ag cur buncheisteanna faoin domhan agus faoin duine. Cén bhrí atá leis an saol? Céard is ceart agus cóir ann? Cén chaoi ar féidir linn ár mbeatha a riaradh?
Rianaíonn an leabhar seo stair na fealsúnachta, scéal na mbaothléimeanna sa dorchadas a tugadh mar iarracht meabhair a bhaint as an domhan.
Ba chóir don fhealsúnacht a bheith lárnach sa chóras oideachais agus i ndioscúrsa an phobail, ach níl. Is é áiteamh an údair go bhfuil géarghá againn leis an bhfealsúnacht inniu más linn an saol seo againne a bharraíocht.
As Aill an Phréacháin i gConamara é Diarmuid Ó Gráinne, file, scéalaí agus léirmheastóir.




