Skip to main content

Barra Trá – Clocha cainteacha agus glac feamainne filíochta

  • .5 KG:
  • Coiscéim
  • Gearóid Ó Clérigh
  • 6660012150243
Praghas

10.00


Clocha cainte agus glac feamainne filíochta. Bailiúchán breá dá shaothar a foilsíodh sna h-irisí; Feasta, Iris-leabhar Mhá Nuad. Comhar, An Guth, An Sagart, Bliainiris, srl….

 

larrachtaí is ea na haistí sa leabhar seo ar scéal na hÉireann a thuiscint. Is minie an t-údar i mbun bleachtaireachta liteartha, ag fiosrú fréamhacha agus forbairt na filíochta, ón Rathaileach go dtían Ríordánach agus a lán idir eatarthu. Téann sé i ngleic leis an teagmháil chasta idir an Béarla, an Ghaeilge agus teangacha eile sa stair. Iniúchann sé dála na Gaeilge faoi láthair, chomh maith leis an gcruachás eacnamaíochta atá roimh an domhan.

Ní tráchtais thura acadúla atá scríofa aige, ach aistí beoga próis is filíochta, ag oscailt bealaí nua smaointeoireachta romhainn. Cé nach annamh ceisteanna lándáiríre faoi chaibidil aige, ní fada uaidh riamh an greann ina thrácht.

Rugadh Gearóid Ó Clérigh i mBaile Átha Cliath Oíche Nollag 1930. Fuair sé bunús a chuid Gaeilge i gCoill Chluana Gabhann, i measc na ndaoine i gCorca Dhuibhne, agus i gColáiste Ollscoile Chorcaí mar ar bronnadh céim BA sna seanchlasaicí air i 1952. Fuair sé céim LL.B. i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath i 1956, bliain ar dearnadh abhcóide in Óstaí an Rí de. Chaith sé daichead bliain ag obair sa Roinn Gnóthaí Eachtracha. Bhí sé ina leaschonsal i Chicago, agus ina ardchonsal i mBostún agus Nua-Eabhrac. Bhí sé tráth ina rúnaíambasáide sa Hág. B’ambasadóir é sa Liobáin, sa Spáinn, sa Bheilg, is san Eilvéis, agus ambasadóir neamhchónaitheach chuig an laráic (in aimsir Saddam Hussein), an Túinéis, an Ailgéir, is an Chroáit. Scar sé leis an státseirbhís i 1996, agus tá sé ina chónaí in Éirinn arís ó shin. Rinne sé céim M.Phil sa tSean-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide.